Mar tá radharc aige go imill na cruinne, Agus feiceann sé gach ní faoin spéir go léir.
Iób 38:13 - An Bíobla Naofa 1981 Chun go mbéarfadh sé greim ar imill an domhain Agus go ndéanfaí na héagráifigh a chroitheadh as, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Chor go mbéaradh sé greim ar théorannuibh an domhuin, chor go ccroithfidhe na drochdhaoine as amach? |
Mar tá radharc aige go imill na cruinne, Agus feiceann sé gach ní faoin spéir go léir.
Buaileann sé iad de bharr a gcoirpeachta, Agus [déanann cimí díobh] os comhair an tsaoil.
Scaoileann sé a thintreach ar feadh stua na spéire, Agus sroicheann sí go himeall na cruinne.
Ar thug tú ordú don mhaidin riamh i do shaol? Ar thaispeáin tú a háit d'fháinne an lae?
Agus sa chaoi go dtugtar a chruth chun léire mar a bhuailtear cló ar chré le séala, Agus go ndéantar é a dhathú mar bhrat,
Go scriostar na peacaigh as an talamh; agus go dté na hurchóidigh ar ceal. Beannaigh an Tiarna, a anam liom. Alleluia!
Shín Maois a lámh amach os cionn na farraige dá bhrí sin agus le breacadh an lae d'fhill an fharraige ar a cúrsa gnáth. Chuaigh na hÉigiptigh ceann ar aghaidh isteach inti ina raon teite agus chloígh an Tiarna na hÉigiptigh i mbroinn na bóchna.