Dúirt an rí lena oifigigh: “Nach eol daoibh gur thit prionsa agus fear mór le rá in Iosrael inniu?
Iób 32:9 - An Bíobla Naofa 1981 Ní le haois mhór a thagann an chríonnacht, Ná ní hiad na seanóirí is géire breith. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ní bhíd na daóine móra a gcomhnuidhe críonna: ní mo thuigid na seanóirigh breitheamhnus. |
Dúirt an rí lena oifigigh: “Nach eol daoibh gur thit prionsa agus fear mór le rá in Iosrael inniu?
Deirim, dá bhrí sin, “Tugaigí cluas dom! Bíodh cead cainte agamsa freisin le m'eagna a fhógairt!”
Is fearr ógánach bocht ach é a bheith críonna ná seanrí baoth nach nglacfaidh le comhairle níos mó,
Rachaidh mé go dtí na daoine a bhfuil an chumhacht acu agus labharfaidh mé leo, óir beidh a fhios acu sin slí an Tiarna agus reacht a nDé.” Ach bhí an chuing briste, na cuibhreacha réabtha acu siúd freisin.
San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad.