Uch nach gcuireann tú i bhfolach mé i Seól! Agus mé a cheilt nó go dté d'fhearg thar bráid! Agus téarma cinnte a cheapadh dom, agus cuimhneamh orm!
Iób 3:17 - An Bíobla Naofa 1981 Ansiúd a scoireann na hurchóidigh dá n‑urchóid Agus ansiúd a bhíonn lucht tuirse faoi shuaimhneas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin scuirid na droch dhaoine do bhuaidhirt; agus ann sin bhíos na daoine corrtha na ccomhnuighe. |
Uch nach gcuireann tú i bhfolach mé i Seól! Agus mé a cheilt nó go dté d'fhearg thar bráid! Agus téarma cinnte a cheapadh dom, agus cuimhneamh orm!
An dtiocfaidh siad seo síos liom go Seól? Nó an sínfear iad síos in éineacht liom sa pholl?
Nó mar mharbhleanbh folaithe [nach raibh ann], Amhail naíonáin nach bhfaca riamh an solas.
Bíonn na cimí ar a suaimhneas le chéile, Gan guth an tseiléara le clos a thuilleadh.
Mar sin de mheas mé gur mhó ba mhéanar do na mairbh a bhí faoi shuan ná do na beo a raibh a saol rompu go fóill.
Tá deireadh lena ngrá agus lena bhfuath agus lena gcuid iomaíochta le fada an lá - ní bheidh baint ná páirt acu choíche arís lena ndéantar abhus faoi luí na gréine.
“Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t‑anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann.
Ach is libhse a deirim é, a chairde: ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp agus ina dhiaidh sin nach dtagann leo níos mó a dhéanamh.
Déanaimis ár ndícheall, mar sin, chun dul isteach san áitreabh suaimhnis sin ionas nach dteipfidh ar aon duine de dheasca an saghas céanna easumlaíochta.
óir a raibh á chloisteáil agus á fheiceáil ag an bhfíréan sin agus é ag maireachtáil ina measc ó lá go lá, rinne sé a chroí cóir a chiapadh de bharr na mbeart aindleathach
Ansin chuala an guth ó na flaithis á rá: “Scríobh: Is beannaithe na mairbh a fhaigheann bás sa Tiarna, as seo amach.” “Is beannaithe go deimhin,” a deir an Spiorad, “i dtreo go scuirfidh siad dá saothar mar tá a n‑oibreacha á leanúint.”
Mar bharr air sin déanfaidh an Tiarna Iosrael agus thusa féin a thabhairt i láimh na bhFilistíneach; agus amárach beidh tusa féin agus do chlann mhac in éineacht liom, sea agus slua Iosrael chomh maith, mar tabharfaidh an Tiarna i láimh na bhFilistíneach iad.”