Deir sibh: “Déanann Dia pionós an duine a chur i dtaisce dá chlann.” Déanadh sé díoltas air féin - d'fhonn go mbeadh a fhios aige!
Iób 21:31 - An Bíobla Naofa 1981 Cé a chuirfidh a bhealaí ina leith aghaidh ar aghaidh, Cé a dhéanfaidh a bhearta a chúiteamh leis? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cía innéosas a shlighe as coinne a aighthe? agus cía chúiteochus ris gacha ndéarna sé? |
Deir sibh: “Déanann Dia pionós an duine a chur i dtaisce dá chlann.” Déanadh sé díoltas air féin - d'fhonn go mbeadh a fhios aige!
“Déantar an coirpeach a shábháil i gcomhair lá an uafáis; Scuabtar ar shiúl é lá na feirge” -
Tagann lóchrainn lonracha as a bhéal, Agus preabann mar a bheadh spréanna tine as.
Déanann tú amhlaidh, agus an mbeidh mise i mo thost? An dóigh leat gurb é do dhálasa agamsa é? Táim do do cheartú agus do do chúisiú.
an Tiarna a thréigean agus a shéanadh agus imeacht ar shiúl ónár nDia, a bheith ag beartú ansmachta agus ceannairce, agus ag monabhar bréaga inár gcroí.
Ach nuair a thosaigh Pól ag trácht ar an bhfíréantacht agus ar an ngeanmnaíocht agus ar an mbreithiúnas atá le teacht, bhuail scanradh Féilix agus dúirt sé: “Imigh leat don dul seo, nuair a bheidh caoi agam, cuirfidh mé fios arís ort.”
Agus, a mhuintir na páirte, ná hagraigí díoltas ar dhuine ar bith; fágaigí an agairt faoi fhearg Dé de réir mar atá scríofa: “Fúmsa an díoltas,” a deir an Tiarna, “mise a chúiteoidh.”
Rud eile de, nuair a tháinig Céafas go hAintíoch, chuir mé ina choinne lena bhéal mar bhí sé san éagóir.
ach a agraíonn é lena mbéal ar lucht a fhuatha agus scriosann iad. Is beag an mhoill air an té a thugann fuath dó a scrios; agraíonn sé lena bhéal air é.
Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas.