Nuair a chuala Éasau an chaint sin lig sé liú ard cráite as á rá in ard a ghutha: “Ó a athair liom, cuir do bheannacht ormsa, sea ormsa, chomh maith.”
Iób 2:12 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chonaic siad uathu é níor aithníodar é; chromadar ar chaoineadh in ard a gcinn, stróic siad a n‑éidí agus chaith luaithreach ar a mbaithis (i dtreo neimhe). An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a nuáir do thógbhadar a súile súas a ccéin, agus nár aithnigheadar é, do thógbhadar a nguth ós áird, agus do ghuileadar; agus do réub gach áon diobh a fhálluing, agus do chroitheadar luáithreadh air a ccéannuibh leath re neamh. |
Nuair a chuala Éasau an chaint sin lig sé liú ard cráite as á rá in ard a ghutha: “Ó a athair liom, cuir do bheannacht ormsa, sea ormsa, chomh maith.”
Ní raibh na focail ach as a bhéal nuair a tháinig clann mhac an rí agus rinneadar caoineadh agus olagón in ard a ngutha; ghoil an rí agus a fheidhmeannaigh go géar chomh maith.
Nuair a chuala mé an scéal seo, stróic mé mo chuid éadaigh agus m'fhallaing; stoith mé gruaig mo chinn agus m'fhéasóige, agus shuigh mé síos le barr anbhainne.
Ar an gceathrú lá fichead den mhí seo chruinnigh clann Iosrael le chéile le troscadh a dhéanamh in éadach róin agus luaithreach ar a gceann.
D'éirigh Iób ansin agus stróic a fhallaing agus bhearr a bhaithis, agus thit ar an talamh agus d'umhlaigh sé é féin síos
D'imigh mo ghaolta agus mo chairde cumainn chun siúil uaim, Agus rinne m'aíonna i mo theach dearmad orm.
Tá seanóirí iníon Shíón ina suí ar an talamh ina dtost, luaithreach caite ar a gceann acu agus iad gléasta in éadach róin; tá a gceann cromtha go talamh ag maighdeana Iarúsailéim.
Tógfaidh siad olagón ar do shon, ag caoineadh go géar goirt. Caithfidh siad deannach ar a gcinn, ag únfairt i luaithreach.
Stoll Iósua a chuid éadaigh agus chaith é féin ar a bhéal agus ar a fhiacla os comhair áirc an Tiarna go tráthnóna; rinne seanóirí Iosrael mar an gcéanna agus chaitheadar uile luaithreach ar a gceann.
Agus chaith siad luaithreach ar a gceann agus ghoil siad go hard ag caoineadh is ag olagón: “Is mairg di, is mairg don chathair mhór, mar ar chruinnigh lucht na loingeas go léir ar muir saibhreas de bharr a rachmais; in aon uair amháin scriosadh í.
Nuair a labhair aingeal an Tiarna mar sin le clann Iosrael go léir chrom an pobal go léir ar osna agus ar olagón.
Nuair a tháinig na teachtairí go Gibeá le Sól agus a d'insíodar an scéala don phobal, chromadarsan ar ghol agus olagón.
Ansin chaoin Dáiví agus an mhuintir a bhí in éineacht leis in ard a gcinn go dtí go rabhadar chomh lag sin nárbh fhéidir leo caoineadh a thuilleadh.
Theith Biniáimineach ón láthair chatha, agus shroich Sileo an lá céanna, agus a chuid éadaigh stróicthe agus luaithreach ar a cheann.