Ba é líon na soithí go léir d'ór agus d'airgead ná cúig mhíle ceithre chéad [seasca a naoi]. Thug Séisbeazar an t‑iomlán sin ar fad leis nuair a d'fhill na deoraithe ar ais ón mBablóin go Iarúsailéim.
Eazrá 4:1 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chuala naimhde Iúdá agus Bhiniáimin go raibh Teampall á thógáil, ag na deoraithe a d'fhill, don Tiarna, Dia Iosrael, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Anois a núair do chúaladar easccáirde Iúdah agus Bheniamin go rabhadar clann na ndaóirsineach ag cur teampuill súas don TIGHEARNA Día Israel; |
Ba é líon na soithí go léir d'ór agus d'airgead ná cúig mhíle ceithre chéad [seasca a naoi]. Thug Séisbeazar an t‑iomlán sin ar fad leis nuair a d'fhill na deoraithe ar ais ón mBablóin go Iarúsailéim.
Rinne na deoraithe de réir an mholta sin. [Thogh] Eazrá an sagart mar chúntóirí, cinn na bhfiní de gach teaghlach, agus gach duine díobh luaite ó ainm. Shuigh siad le breith a thabhairt ar na cásanna faoi leith ar an gcéad lá den deichiú mí,
Eisíodh fógra in Iúdá agus in Iarúsailéim do na deoraithe go léir a d'fhill, á rá leo cruinniú le chéile in Iarúsailéim,
Níorbh fhéidir leis an bpobal na gártha áthais a aithint ó gháir na lógóireachta, mar chuir an pobal gáir chomh hard suas gur chualathas i bhfad ó bhaile í.
Rinne pobal Iosrael, na sagairt, na Léivítigh, agus an chuid eile de na deoraithe a d'fhill, coisreacan an Teampaill seo a chomóradh faoi lúcháir.
mar bheartaigh seisean imeacht ón mBablóin ar an gcéad lá den chéad mhí, agus shroich sé Iarúsailéim ar an gcéad lá den chúigiú mí; bhí lámh chneasta a Dhé leis go dearfa.