Eazrá 2:40 - An Bíobla Naofa 1981 Na Léivítigh, clann mhac Iéisiúa, agus Chaidmíéil: clann mhac Hódavá, seachtó a ceathair. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Na Lebhitigh: clann Iessua, agus Chadmiel, do chloinn Hodabhiah, seachtmhoghad agus ceathrar. |
D'aontaigh Iéisiúa agus a chlann mhac agus a bhráithre, mar aon le Caidmíéil, [Bionúi agus Hódavá], dul i bhfeighil na muintire a bhí ag obair ar Theampall an Tiarna.
Ar an gceathrú lá tomhaiseadh an t‑ór agus an t‑airgead i dTeampall ár nDé agus tugadh iad ar a lámha do Mharaemót an sagart, mac Úiríá, agus mar aon leis bhí Eileázár mac Phíneachás; agus ina dteannta bhí na Léivítigh Iózábád mac Iéisiúa agus Nóaidiá mac Bhionúi.
Agus na Léivítigh: Iéisiúa, Bionnúi, Caidmíéil, Séiribiá, Iúdá, Matainiá - é seo lena ghaolta a bhí i gceannas ar na hiomainn bhuíochais,
Na Léivítigh: clann mhac Iéisiúa, Chaidmíéil, Bhionúi agus Hoidiá, seachtó a ceathair.