Ansin cinn fine Iúdá agus Bhiniáimin, na sagairt agus na Léivítigh, agus go deimhin gach aon duine dár spreag Dia an spiorad iontu, chuireadar chun imeachta chun Teampall an Tiarna a atógáil in Iarúsailéim.
¶ Annsin déirgheadar roighne aithreadh Iúdah agus Bheniamin na seasamh, agus na sagairt, agus na Lebhitigh, maille ris a nuile dhuine dar thóg Día a spiorad, do dhul súas do dhéanamh tighe an TIGHEARNA atá ann Ierusalem.
Chun go gcomhlíonfaí an focal úd a dúirt an Tiarna trí bhéal Irimia, an chéad bhliain dá raibh Cíoras i gcoróin na Peirse, spreag an Tiarna spiorad Chíorais rí na Peirse i dtreo gur chuir sé fógra amach ar fud a ríochta go léir agus gur chuir sé é i scríbhinn freisin, mar leanas:
Sa chéad bhliain de réimeas Chíorais rí na Peirse, i dtreo go gcomhlíonfaí briathar an Tiarna ó bhéal Irimia, mhúscail an Tiarna spiorad Chíorais rí na Peirse le forógra a thabhairt agus é a fhoilsiú ar fud a ríochta go léir:
“Mar seo a deir Cíoras rí na Peirse: ‘Thug an Tiarna, Dia neimhe, ríochtaí uile na cruinne dom, agus chuir sé de dhualgas orm Teampall a thógáil dó in Iarúsailéim, in Iúdá.
Gach duine d'iarmhar a phobail, cibé áit ina bhfuil sé ag cur faoi, tagadh muintir a dhúiche i gcabhair air le hairgead, agus le hór, le maoin agus le heallach, agus le tabhartais dheonacha do Theampall Dé atá in Iarúsailéim.’ ”
Ansin d'éirigh mé san oíche, mé féin agus cúpla fear eile, agus gan é ráite agam le haon duine cad a bhuail Dia isteach i mo chroí a dhéanamh ar mhaithe le Iarúsailéim, agus gan agam d'ainmhithe ach an beithíoch a bhí do m'iompar.
Agus mhúscail an Tiarna misneach Zarubáibil mhic Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá, agus misneach an ardsagairt Iósua, mhic Iózádác, agus misneach fhuílleach an phobail sa chaoi gur tháinig siad agus gur chuir siad chun oibre i dteach Thiarna na Slua, a nDia,