Eaxodus 2:8 - An Bíobla Naofa 1981 “Déan,” arsa iníon Fhorainn léi, agus d'imigh an cailín agus ghlaoigh ar mháthair an linbh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt inghean Phárao ria, Eirigh. Agus do imthigh an cailín, agus do ghoir sí mathair an léinimh. |
Ansin dúirt a dheirfiúr le hiníon Fhorainn: “An rachaidh mé agus buime a ghairm ó i measc na mban Eabhrach chun an leanbh a oiliúint duit?”
Agus dúirt iníon Fhorainn léi: “Beir leat an leanbh seo, agus oil dom é, agus ní fhágfaidh mé gan do thuarastal thú.” Thóg an bhean an leanbh agus d'oil.
Ghabh Amrám Iócabad deirfiúr a athar mar bhean agus rug sí Árón agus Maois dó. Bhí céad agus a tríocha seacht mbliana d'fhad saoil ag Amrám.
Ar ghabháil tharat arís dom d'amharc mé ort. Bhí tú aibí chun grá; leath mé beann mo chlóca ort agus chlúdaigh do tharnochtacht: sea, thug mé mionn duit, chuaigh mé i gconradh leat - an Tiarna Dia a labhraíonn - agus ba liomsa thú.