Cóheilit 9:4 - An Bíobla Naofa 1981 Óir tá ábhar dóchais fós ag an té atá i gcomhluadar na mbeo uile go fóill; mar is fearr madra beo ná leon marbh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Oír atá dóthchus ag an tí atá ceangailte ris a nuile bhéo: óir is féarr madradh béo ná leomhan marbh. |
I measc na nithe go léir a tharlaíonn abhus faoi luí na gréine is é seo an ceann is measa: nach bhfuil ach an t‑aon chinniúint amháin i ndán do chách. Dá dheasca sin tá croíthe na ndaoine lán d'urchóid, agus tá an díth céille i réim iontu fad is beo dóibh - agus ina dhiaidh sin siúd leo chun na marbh.
Dar ndóigh, is eol do na beo go bhfaighidh siad bás, ach níl eolas dá laghad ag na mairbh, agus ní mó ná sin atá luach saothair ar bith ann dóibh a thuilleadh, mar tá a gcuimhne imithe i ndearmad ar fad.
Ní thugann Seól moladh duit, ní féidir don Bhás tú a cheiliúradh; an dream a théann síos sa duibheagán, níl dóchas acu as do dhílseacht níos mó.