Ní raibh áireamh ar líon na ndaoine uile a bhí faoina smacht ach mar sin féin ní bheidh sé ina ábhar áthais do na daoine, a thiocfaidh ina dhiaidh. Go deimhin baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.
Ní bhfuil críoch air an bpobal uile, do nuile dá raibh rompa: an mhéid fós thiucfas na ndiáigh ní dhéanaid gáirdeáchus annsan. Go deimhin fós is díomhaóinios so agus buáidhreadh spioraide.
D'éirigh an rí ansin, agus chuaigh agus shuigh ina chathaoir ag an ngeata. Chuala na saighdiúirí go léir an scéala gan mhoill. “Tá an rí,” ar siad, “ina chathaoir ag na ngeata.” Agus chruinnigh an pobal go léir i láthair an rí. Theith Iosrael go léir, gach fear chun a bhaile féin.
D'iompaigh mé ansin chun breathnú ar na hoibreacha go léir a bhí déanta ag mo lámha agus ar an saothar uile ar chaith mé mo dhúthracht leis; agus féach, ní raibh san iomlán de ach baois agus tóraíocht gaoithe ná ní raibh tairbhe dá laghad le baint as faoi luí na gréine.
Óir ní choinneofar buanchuimhne ar an saoi ach oiread agus a choinneofar ar an daoi; mar sna laethanta atá le teacht déanfar dearmad orthu araon gan mhoill. Faraor, conas is féidir go sciobann an bás an saoi agus an daoi leis le chéile!”