Aimsir do theilgion cloch amach, agus aimsir do chruinniughadh cloch a gceann a chéile; aimsir chum grádhuighthe, agus aimsir chum cosg ó ghrádhughadh;
Scartáil siad na cathracha agus chaith gach fear cloch isteach i ngach gort fónta á líonadh, agus dhúnadar gach tobar fíoruisce agus leagadar gach crann folláin. Chreachadar Móáb go dtí nach raibh fágtha i gCír Harasat ach na clocha agus rinne an lucht diúraicthe é a thimpeallú agus a ghabháil.
Cruinnigí an pobal, ordaígí tionól, bailígí na seanóirí, tugaigí na leanaí i gceann a chéile, fiú na naíonáin chíche féin. Imíodh an nuachéile as a sheomra agus an nuachar as a cailleach.
Agus ná diúltaígí dá chéile ach amháin ar feadh seala le toil a chéile d'fhonn bheith saor chun urnaithe agus ansin teacht ar ais le chéile arís ar eagla go gcuirfeadh Sátan cathú oraibh de dheasca ainriantachta.
Le dul faoi na gréine, ar ordú Iósua, thógadar anuas de na crainn iad agus chaitheadar isteach san uaimh iad mar a ndeachadar i bhfolach. Chuireadar leacacha móra ag béal na huaimhe, agus tá siad ansiúd go dtí an lá inniu féin.