Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Cóheilit 2:5 - An Bíobla Naofa 1981

Rinne mé garraithe agus páirceanna agus chuir mé gach cineál de chrainn toraidh iontu.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Do rinne mé gáirdíne agus ubhallghuirt damh féin, agus do phlannduigh mé croinn ionnta do nuile shórt toruidh:

Féach an chaibidil



Cóheilit 2:5
10 Tagairtí Cros  

agus litir eile le haghaidh Ásáf, coimeádaí na bhforaoiseacha ríoga, á rá leis adhmad a thabhairt dom chun geataí a dhéanamh do dhúnfort an Teampaill agus le haghaidh ballaí na cathrach agus don teach a ndéanfainn féin cónaí ann.” Ghéill an rí do m'iarratas mar bhí lámh mhaith mo Dhé ag tacaíocht liom.


Gort i lios tú, a shiúr, a bhrídeach, gort i ráth, tobar i gcomhad.


Gránúlla go tiubh ann agus togha gach toraidh ó shruthanna an tobair.


Éirigh a ghaoth aduaidh, gluais, a ghaoth aneas, séidigí trí mo ghairdín go leatha a chumhrachtaí. Tagadh mo ghrá isteach ina ghort, blaiseadh sé togha gach toraidh ann.


Seo isteach i mo ghort mé, a shiúr liom, a bhrídeach, ag bailiú mo mhirr agus mo bhalsaim, ag ithe mo mheala agus mo chriathair, ag ól m'fhíona agus mo bhainne; ithigí, a chairde, ólaigí, déanaigí meidhir, a chairde cumainn.


Síos ina ghort a chuaigh mo ghrá, go ceapacha na spíosraí, lena thréad a chur ar féarach agus blátha a chruinniú.


Nuair a chonaic Zidicíá rí Iúdá é sin theith sé féin agus na fir chogaidh uile as an gcathair de shiúl oíche, ag gabháil bealach ghairdín an rí tríd an ngeata idir an dá bhalla, agus [ag tabhairt aghaidh] ar an Arabá.