Ghabh siad trí dhúiche Fhrigia agus Ghalaite ach ní ligfeadh an Spiorad Naomh dóibh an dea-scéal a fhógairt san Áise.
2 Tiomóid 1:15 - An Bíobla Naofa 1981 Tá a fhios agat é seo, gur thréig a bhfuil san Áise mé, agus Figealas agus Hearmaganaes san áireamh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Níl tú gan fhios gur thug a bhfuil san Áise cúl a láimhe liom, agus is orthusan atá Figélus agus Hermógenéas. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is eol duit gur thréig a raibh san Áise mé; daoine dhíobh‐san is eadh Figelus agus Hermogenés. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Atá a fhios so agad, gur thréigeadar luchd na Hásia uile misi, agar ab dhíobh Phigellus agus Hermogínes. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tá a fhios agat é seo, gur thréig a bhfuil san Áise mé, agus Figealas agus Hearmagainéas san áireamh. |
Ghabh siad trí dhúiche Fhrigia agus Ghalaite ach ní ligfeadh an Spiorad Naomh dóibh an dea-scéal a fhógairt san Áise.
Lean an scéal mar sin ar feadh dhá bhliain ar shlí nach raibh duine dár chónaigh san Áise, Giúdach ná Gréagach, nár chuala briathar an Tiarna.
Is é baol atá ann nach ea amháin go dtarraingeofar míchlú ar an ngnó seo againne ach go ndéanfar beagní de theampall an bhandé mhóir Airtimis agus go gcaillfidh Airtimis féin a gradam - bandia a bhfuil urraim á tabhairt di ar fud na hÁise agus ar fud an domhain mhóir.”
Agus cuid de na huachtaráin chúige féin a bhí mór leis, chuir siad scéala chuige á mholadh dó gan é féin a thaispeáint san amharclann.
Táimid Pairtigh ann agus Méidigh agus Eilimítigh, áitritheoirí na Measpatáime agus Iúdáia agus Chapadóise, agus Phontais agus na hÁise,
Bhí socair ag Pól seoladh thar Eifeasas i dtreo nach gcuirfí aon mhoill air san Áise mar bhí dithneas air chun bheith in Iarúsailéim i gcomhair lá Cincíse dá mba fhéidir dó é.
Cuireann eaglaisí na hÁise a mbeannacht chugaibh. Na mílte beannacht sa Tiarna ó Acula agus ó Phriosca mar aon leis an eaglais a thagann le chéile sa teach acu.
Mar is iad a gcúrsaí féin agus ní hiad cúrsaí Íosa Críost is cás leis an gcuid eile ar fad.
Ag plé mo chúise dom don chéad uair ní raibh duine ar bith a sheas ceart dom; thréig an uile dhuine mé. Nár agraí Dia orthu é.