Ach dúirt Lábán leis: “Más ceadmhach dom é a rá! Fuair mé amach ó na tuartha gur bheannaigh an Tiarna mé ar do shon.
2 Samúéil 6:11 - An Bíobla Naofa 1981 D'fhan áirc an Tiarna i dteach Obaed Eadóm ó Ghat ar feadh trí mhí, agus chuir an Tiarna a bheannacht ar Obaed Eadóm agus ar a theaghlach go léir. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus dfan airc an TIGHEARNA a ttigh Obed‐edom an Gititeach trí mhí: agus do bheannuigh an TIGHEARNA Obededom, agus muinntir a thighe uile. |
Ach dúirt Lábán leis: “Más ceadmhach dom é a rá! Fuair mé amach ó na tuartha gur bheannaigh an Tiarna mé ar do shon.
Níor bhac an príomhshéiléir le haon rud a bhí faoi chúram Iósaef mar bhí an Tiarna fairis; agus bhí conách an Tiarna ar gach rud a dhéanadh sé.
Ón lá a chuir sé i bhfeighil a theaghlaigh é, agus i bhfeighil a mhaoine go léir, chuir an Tiarna a bheannacht ar theaghlach an Éigiptigh ar son Iósaef. Chuir an Tiarna a bheannacht ar a mhaoin go léir istigh agus amuigh.
Shocraigh Dáiví gan an áirc a thabhairt isteach i nDúnfort Dháiví ach thug sé i leataobh í go teach Obaed Eadóm ó Ghat.
Bhí clann mhac ag Obaed Eadóm: Seamaiá an chéadghin, Iahózábád an dara mac, Ióách an tríú mac, Sácár an ceathrú, Natanael an cúigiú,
Tugaigí na deachúna go léir isteach sa stóras ionas go mbeidh soláthar bia i mo theachsa; agus cuirigí promhadh orm ar an gcuma sin, a deir Tiarna na Slua, féachaint an osclóidh mé fuinneoga neimhe daoibh chun beannachtaí a dhoirteadh anuas oraibh go flúirseach fial.