Dúirt an rí le hIotaí an Giteach: “Cén fáth a bhfuil tusa ag teacht linne? Fill ar ais agus fan in éineacht leis an rí mar is coimhthíoch thú, agus deoraí ó do thír féin chomh maith.
2 Samúéil 6:10 - An Bíobla Naofa 1981 Shocraigh Dáiví gan an áirc a thabhairt isteach i nDúnfort Dháiví ach thug sé i leataobh í go teach Obaed Eadóm ó Ghat. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Marsin níor bháill lé Dáibhi aírc an TIGHEARNA do chorrughadh chuige féin go cathruigh Dháibhi: ach rug Dáibhi leis do leathtaoibh í go tigh Obededom an Gititeach. |
Dúirt an rí le hIotaí an Giteach: “Cén fáth a bhfuil tusa ag teacht linne? Fill ar ais agus fan in éineacht leis an rí mar is coimhthíoch thú, agus deoraí ó do thír féin chomh maith.
Rinne Dáiví an t‑arm [a roinnt ina thrí bhuíon], buíon faoi cheannas Ióáb, buíon faoi cheannas Aibísí, mac Zarúá, deartháir Ióáb, agus buíon faoi cheannas Iotaí an Giteach. Ansin dúirt an rí leis na sluaite: “Máirseálfaidh mé féin cois ar chois libh.”
theith muintir Bhaerót go Giotáím agus maireann siad ann ó shin mar áitritheoirí deoranta).
Chuaigh Dáiví chun cónaithe sa daingean agus thug sé Dúnfort Dháiví air. Thóg Dáiví balla timpeall air, ón Mileo isteach.
agus ina dteanntasan, sa chéad ghrád eile, a ngaolta: Zacairiá mac Iaizíéil, Simíreámót, Íchíéil, Uiní, Eilíáb, Banáiá, Másaeiá, Maititiá, Eilífilaehú, Micnéiá, Obaed Eadóm, Íéil, lucht faire an gheata.
Bhí na sagairt Seabainiá, Ióiseáfát, Natanael, Amásai, Zacairiá, Banáiá, Eilíeizir, leis an stoc a shéideadh roimh áirc Dé; bhí Obaed Eadóm agus Íchiá le bheith i bhfeighil gheataí na háirce.
Ásáf i gceannas, Zacairiá sa dara háit, ansin [Uizíéil], Simíreámót, Íchíéil, Maititiá, Eilíáb, Banáiá, Obaed Eadóm, Íéil. An chláirseach agus an chruit a bhí le seinm acusan; bhí Ásáf leis na ciombail a bhualadh.