“An fear úd,” arsa Iúdá leis, “thug sé rabhadh sollúnta dúinn: ‘Ní ligfear isteach i mo láthair sibh gan bhur ndeartháir a bheith in bhur dteannta.’
2 Samúéil 3:13 - An Bíobla Naofa 1981 “Tá go maith,” arsa Dáiví, “déanfaidh mé conradh leat. Ach leagfaidh mé aon acht amháin ort; ní scaoilfear isteach i mo láthair thú mura dtugann tú leat Míceal, iníon Shóil, agus tú ag teacht i mo láthair.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus a dubhairt seision, Is maith sin; do dhéansa ceangal riot: achd éinni amháin íarrum ort, eádhon, Ní fhaicfidh tú mo ghnúis, muna ttuga tú Michal inghean Shauil leachd a chéaduaír, an tan thiucfas tú dom lathair. |
“An fear úd,” arsa Iúdá leis, “thug sé rabhadh sollúnta dúinn: ‘Ní ligfear isteach i mo láthair sibh gan bhur ndeartháir a bheith in bhur dteannta.’
Ansin dúirt tú le do shearbhóntaí: ‘Mura dtaga an deartháir is óige agaibh anuas in éineacht libh ní fheicfidh sibh mo ghnúis níos mó.’
dúramar: ‘Ní féidir dúinn dul síos. Má théann an deartháir is óige againn inár dteannta, ansin rachaimid; mar ní féidir linn radharc a fháil ar ghnúis an fhir úd gan an deartháir is óige a bheith farainn.’
Chuir Aibnéar teachtairí go Dáiví [i Heabrón] á rá: “Cé leis an tír? Déan do chonradh liom agus tabharfaidh mé mo chabhair duit chun Iosrael uile a thabhairt ar do thaobh.”
Nuair a bhí áirc chonradh an Tiarna ag gabháil isteach i gcathair Dháiví, bhí Míceal iníon Shóil ag faire ón bhfuinneog agus chonaic sí Dáiví ag rince agus ag ábhacht os comhair an Tiarna; fuair sí drochmheas air ina croí.