Dúirt Ióáb leis an rí: “Go gcuire an Tiarna, do Dhia, an rath faoi chéad ar do phobal fad tá súile ag an rí fós chun iad a fheiceáil. Ach cad ab áil le mo thiarna an rí a bheith chomh tógtha leis seo?”
2 Samúéil 24:4 - An Bíobla Naofa 1981 Ach chuir an rí a ordú i bhfeidhm ar Ióáb agus na hoifigigh shinsir, agus d'imigh Ióáb agus na hoifigigh shinsir leo ó láthair an rí chun daonáireamh a dhéanamh ar phobal Iosrael. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Gidheadh rug bríathra an rígh buáidh a naghaidh Ióab, agus a naghaidh chaiptínigh an tslóigh. Agus do chuáidh Ióab agus caiptínigh an tslóigh amach ó lathair an rígh, dáireamh phobail Israel. |
Dúirt Ióáb leis an rí: “Go gcuire an Tiarna, do Dhia, an rath faoi chéad ar do phobal fad tá súile ag an rí fós chun iad a fheiceáil. Ach cad ab áil le mo thiarna an rí a bheith chomh tógtha leis seo?”
Ghabhadar thar Iordáin agus thosaíodar le hAroéir agus leis an gcathair atá i lár an ghleanna, agus ar aghaidh go Gád agus Iazaer.
Ach chuir an rí an t‑ordú i bhfeidhm ar Ióáb agus d'imigh Ióáb leis agus ghabh trí Iosrael go léir agus ansin d'fhill ar Iarúsailéim.
Ach bhí eagla Dé ar na mná cabhartha agus ní dhearnadar mar a d'ordaigh rí na hÉigipte dóibh ach ligeadar do na leanaí mic maireachtáil.
“Nuair a dhéanfaidh tú daonaireamh ar chlann Iosrael agus iad a chlárú, íocfaidh gach duine éiric fuascailte ar a shon féin leis an Tiarna chun nach mbeadh aon phlá ina measc nuair a ríomhfaidh tú iad.
Ós rud é nach bhfuil dul thar fhocal an rí cé hé ar féidir dó a rá leis “Céard atá tú a dhéanamh?”
D'fhreagair Peadar agus na haspail eile: “Is córa dúinn umhlú do Dhia ná do dhaoine.