Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eaxodus 30:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 “Nuair a dhéanfaidh tú daonaireamh ar chlann Iosrael agus iad a chlárú, íocfaidh gach duine éiric fuascailte ar a shon féin leis an Tiarna chun nach mbeadh aon phlá ina measc nuair a ríomhfaidh tú iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 A núair ghlacfas tú suim chloinne Israel do reír a nuibhre, ann sin do bhéuruidh gach éanduine fuáscladh ar son anma don TIGHEARNA, a núair aireomhus tú íad; go nach mbiáidh plaígh na measc, a núair aíreomhas tú iad.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 30:12
21 Tagairtí Cros  

D'éirigh Sátan ina sheasamh in aghaidh Iosrael agus spreag sé Dáiví le daonáireamh a dhéanamh ar Iosrael.


trí bliana de ghorta, nó trí mhí de scrios faoi lámha do naimhde agus claíomh do namhad á ropadh ionat, nó trí lá faoi chlaíomh an Tiarna agus plá sa tír ar feadh trí lá agus aingeal an Tiarna ag déanamh léirscrios ar chríocha Iosrael go léir.’ Socraigh anois cad é an freagra a thabharfaidh mé don té a chuir uaidh mé.”


Chuir an Tiarna plá ar Iosrael, agus fuair seachtó míle d'fhir Iosrael bás.


Dúirt Ióáb: “Go gcuire an Tiarna an rath faoi chéad ar do phobal! Nach seirbhísigh le mo thiarna iad go léir, a thiarna, mo rí? Cén fáth a ndéanfadh mo thiarna an fiosrú seo? Cén fáth a dtabharfaí ciontacht ar Iosrael?”


Chuir Ióáb mac Zarúá tús le daonáireamh, ach níor thug sé chun críche é. Tháinig fraoch feirge ar Iosrael dá bharrsan agus níor shroich an t‑áireamh an líon atá le fáil in Annála Dháiví rí.


Chuir an rí fios ar Iahóideá a gceannasaí agus dúirt leis: “Cén fáth nár éiligh tú ar na Léivítigh an cháin a leag Maois, searbhónta an Tiarna, ar chomhthionól Iosrael do Bhoth na Fianaise, a thobhach ar Iúdá agus ar Iarúsailéim?


Fógraíodh ansin ar fud Iúdá agus Iarúsailéim an cháin a leag Maois searbhónta Dé ar Iosrael san fhásach, a thabhairt chun an Tiarna.


Le bheith cneasta leis, agus a rá: “Fuascail é ó thitim san uaimh, Fuair mé geall ar a shon”;


Seachain agus ná mealladh maoin thú, Agus ná déanadh breabanna teanna thú a chur amú.


dream a mbíonn a ndóchas ina saibhreas agus a mhaíonn as méid a maoine?


Dúirt an Tiarna le Maois:


agus dúradar le Maois: “Chomhairigh do searbhóntaí na saighdiúirí faoina gceannas; níl fear ar iarraidh uainn.


Thugamar dá bhrí sin mar ofráil don Tiarna na seoda óir a fuaireamar - slabhraí rí agus géag, fáinní, cluasáin, agus dealga - chun go ndéanfaí gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar ár son i láthair an Tiarna.”


díreach faoi mar nár tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air ach chun go ndéanfadh sé féin freastal agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”


Óir níor tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air, ach chun go ndéanfadh sé féin freastal, agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”


a thug suas é féin in éiric orthu uile; sin í an fhianaise a tugadh ina mhithidí féin;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí