déantar seachtar mac leis a thabhairt ar láimh dúinn, i dtreo go ndéanfaimis iad a chrochadh os comhair an Tiarna i nGibeón ar shliabh an Tiarna.” “Tabharfaidh mé ar láimh iad,” arsan rí.
2 Samúéil 21:9 - An Bíobla Naofa 1981 Thug sé iad i lámha na nGibeónach agus chroch siadsan iad ar an sliabh os comhair an Tiarna. Ídíodh an seachtar acu le chéile. Cuireadh chun báis iad i gcéad laethanta an fhómhair, i dtus fhómhar na heorna. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do thoirbhir íad a lámhuibh na Ngibeoniteach, agus do chrochadar íad annsa chnoc a bhfiaghnuise an TIGHEARNA: agus do thuiteadar uile na moírsheisior a néainfhéachd, agus do cuireadh chum baís íad a ccead láethibh a nfóghmhair, a ttosach fhóghmhair na heórna. |
déantar seachtar mac leis a thabhairt ar láimh dúinn, i dtreo go ndéanfaimis iad a chrochadh os comhair an Tiarna i nGibeón ar shliabh an Tiarna.” “Tabharfaidh mé ar láimh iad,” arsan rí.
Thug siad áirc an Tiarna isteach leo agus d'fhág siad ina hionad í laistigh den bhoth a bhí curtha suas ag Dáiví di. Agus d'ofráil Dáiví íobairtí dóite agus íobairtí comaoineach os comhair an Tiarna.
D'fhreagair Dáiví Míceal: “Don Tiarna a bhí mé ag rince. [Dar an Tiarna beo], an té a thogh mise roimh d'athair agus roimh a theaghlach go léir le taoiseach a dhéanamh díom ar Iosrael, pobal an Tiarna, déanfaidh mé rince os comhair an Tiarna
Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé,
Loiteadh an líon agus an eorna mar bhí an eorna ag eascar agus an líon ina gheamhar;
Dúirt an Tiarna le Maois: “Tóg ceannairí uile an phobail, agus caith le faill i lár an lae ghéigil ghil i bhfianaise an Tiarna iad; ansin iompóidh cuthach feirge an Tiarna ó Iosrael.”
“Má dhéanann duine coir mharfach agus go gcuirtear chun báis é agus go gcrochann tú ar chrann é,
D'fhill Náoimí mar sin ó thír Mhóáb agus Rút bean a mic, an Móábach mná ina teannta; agus thángadar go Beithil i dtús fómhar na heorna.
Dúirt Samúéil: “Mar a d'fhág do chlaíomh mná gan chlann, Fágfar do mháthair gan chlann i measc na mban.” Ansin rinne Samúéil Agag a choscairt ina ablach i láthair an Tiarna i nGilgeál.