Dúirt Ióáb leis an té a thug an scéala dó: “Agus má chonaic tú é, cén fáth nár leag tú ar lár ar an toirt é? Thabharfainnse féin, le fonn, deich seicil airgid duit, agus crios chomh maith.”
2 Samúéil 18:12 - An Bíobla Naofa 1981 “Fág go mbraithfinn meáchan míle seicil airgid ar mo ghlaic ní shínfinn mo lámh in aghaidh mhac an rí. Óir thug an rí i gcomhchlos dúinne, ordú duitse, d'Aibísí agus d'Iotaí: ‘Déanaigí anacal anama ar Aibseálóm ar mo shonsa.’ An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt an tóglach re Ióab, Dá bhfaghuinsi míle secel airgid ann mo láimh, ní shínfinn mo lámh amach a naghaidh mhic an rígh: óir dfúagair an rígh dar lathair dhuitsi agus do Abisai agus do Ittai, gha rádh, Tugaidh bhur naire nach beanfadh áonduine ris a nógánach Absolon. |
Dúirt Ióáb leis an té a thug an scéala dó: “Agus má chonaic tú é, cén fáth nár leag tú ar lár ar an toirt é? Thabharfainnse féin, le fonn, deich seicil airgid duit, agus crios chomh maith.”
Thug an rí ordú do Ióáb, d'Aibísí agus d'Iotaí: “Ná bígí dian ar an ógánach Aibseálóm, ar mo shonsa.”
Tháinig ballchrith ar an rí. Chuaigh sé suas chuig an seomra os cionn an gheata agus bhris an gol air. Ar seisean agus é ag caoineadh: “A Aibseálóm, a mhic, a mhaicín liom, a Aibseálóm, a mhic liom, faraor gan mise marbh i d'áit, a Aibseálóm, a mhaicín, a mhaicín.”