“Cuir Úiríá i bhfíorthosach an chruachatha, agus ansin tarraingigí féin siar ar a chúl, ionas go ndéanfar é a threascairt agus a mharú.”
2 Samúéil 11:16 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí an chathair faoi léigear ag Ióáb, agus chuir sé Úiríá in ionad arbh eol do na fir throda a bheith go fíochmhar. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tárla, a nuáir do mheas Ioab an chathair, gur dhírigh sé Uriah chum na háite ar bhaithnidh dó daóine gaisgeamhla bheith. |
“Cuir Úiríá i bhfíorthosach an chruachatha, agus ansin tarraingigí féin siar ar a chúl, ionas go ndéanfar é a threascairt agus a mharú.”
Thug muintir na cathrach rúid amach agus rinne ionsaí ar Ióáb; maraíodh cuid den arm agus cuid de sheirbhísigh Dháiví ina measc; agus maraíodh Úiríá an Hiteach i gcuideachta na cuideachta.
Cé mharaigh Aibímeilic mac Iarubál? Nach ann a chaith bean bró mhuilinn anuas air ó na ballaí agus a mharaigh é i dTéibéiz? Cén fáth a ndeachaigh sibh chomh cóngarach do na ballaí?’ abairse ansin: ‘Tá do shearbhónta Úiríá an Hiteach marbh chomh maith.’ ”
Nuair a d'fhill Aibnéar go Heabrón thug Ióáb i leataobh cois an gheata é mar dhea go labhródh sé os íseal leis, agus sháigh sé sa bholg é. Fuair sé bás mar sin in éiric Asáhael, deartháir Ióáb.
“Rud eile dhe, tá a fhios agat cad a rinne Ióáb mac Zarúá liom, agus cad a rinne sé le beirt cheannaire arm Iosrael, Aibnéar mac Néar agus Amásá mac Ieitir; conas mar a dhúnmharaigh sé iad; conas mar a rinne sé díoltas le linn síochána ar son fola a doirteadh le linn cogaidh; conas mar a smear sé crios mo choime agus cuaráin mo chos le fuil neamhchiontach.
Scríobh sé litir eile chucu á rá: “Má tá sibh liom, agus má tá sibh sásta mo réir a dhéanamh, tugaigí libh cinn chlann mhac bhur máistir agus tagaigí chugamsa anseo in Izréil um an dtaca seo amárach.” (Bhí deichniúr mac agus trí fichid leis an rí á n‑oiliúint ansiúd ag taoisigh na cathrach.)
Déantar éagóir ar Eafráim, satlaítear ar an gceart, óir níor mhiste leis dul ar thóir na graostachta.
D'fhreagair Peadar agus na haspail eile: “Is córa dúinn umhlú do Dhia ná do dhaoine.