Sheas mé os a chionn dá bhrí sin agus mharaigh mé é, mar bhí a fhios agam nach mairfeadh sé agus é ar lár. Ansin thóg mé an choróin a bhí ar a cheann, agus an bhraisléad a bhí ar a ghéag agus thug mé anseo go dtí mo thiarna iad.”
2 Samúéil 1:9 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé ansin liom: ‘Seas os mo chionn agus maraigh mé mar tá speabhraídí tagtha orm cé go bhfuil an t‑anam ionam ar fad fós.’ An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A dubhairt sé leam a rís, Guidhim thú, seas ar mo mhuin, agus marbh mé: óir tháinic doirbhios orum, do bhrígh go bhfuil manum fós go hiomlán ionam. |
Sheas mé os a chionn dá bhrí sin agus mharaigh mé é, mar bhí a fhios agam nach mairfeadh sé agus é ar lár. Ansin thóg mé an choróin a bhí ar a cheann, agus an bhraisléad a bhí ar a ghéag agus thug mé anseo go dtí mo thiarna iad.”
Ansin dúirt Sól lena ghiolla airm: “Nocht do chlaíomh agus sáigh tríom é le heagla go dtiocfadh an dream úd gan timpeallghearradh agus bheith ag fonóid fúm.” Ach bhí eagla ar a ghiolla airm agus ní dhéanfadh sé é. Thóg Sól a chlaíomh dá bhrí sin agus chaith sé é féin air.
Sna laethanta úd beidh daoine ar lorg an bháis ach gan é a fháil, agus ag tnúth le bás a fháil, ach éalóidh an bás uathu.
Ghlaoigh sé ar an toirt ar a ghiolla airm agus dúirt leis: “Tarraing do chlaíomh gan mhoill agus cuir chun báis mé, d'fhonn nach ndéarfaí fúm: ‘Mharaigh bean é!”’ Rop a ghiolla claíomh tríd dá bhrí sin agus fuair sé bás.
Ansin dúirt Sól lena ghiolla airm: “Nocht do chlaíomh agus sáigh tríom é le heagla go dtiocfadh an dream úd gan timpeallghearradh orm agus go sáfaidís mé agus go mbeidís ag fonóid fúm.” Ach bhí an-eagla ar a ghiolla airm agus ní dhéanfadh sé é. Thóg Sól a chlaíomh féin dá bhrí sin agus chaith sé é féin air.