Ar an treas lá tháinig fear ón gcampa a bhí ag Sól. Bhí a chuid éadaigh stróicthe agus cré ar a cheann. Ar theacht chuig Dáiví dhó, chaith sé é féin os a chomhair agus thug ómós dó.
2 Samúéil 1:3 - An Bíobla Naofa 1981 “Cá has ar tháinig tú?” d'fhiafraigh Dáiví de. “D'éalaigh mé as campa na nIosraelach,” ar sé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Dáibhi ris, Cáit as a ttáinic tusa? Agus a dubhairt seision ris, As campa Israel tháinic mé. |
Ar an treas lá tháinig fear ón gcampa a bhí ag Sól. Bhí a chuid éadaigh stróicthe agus cré ar a cheann. Ar theacht chuig Dáiví dhó, chaith sé é féin os a chomhair agus thug ómós dó.
“Cad a tharla? Inis dom,” arsa Dáiví leis. D'fhreagair sé: “Theith na daoine ó pháirc an áir agus thit a lán acu agus tá siad marbh. Tá Sól agus a mhac Iónátán marbh chomh maith.”
D'imigh sé féin isteach agus sheas os comhair a mháistir, agus dúirt Eilíseá: “Cá raibh tú, a Ghéichizí?” D'fhreagair seisean: “Ní raibh do shearbhónta in aon bhall.”
Ansin chuir Dáiví ceist air: “Cé leis thú?” ar sé, “agus cad as duit?” “Éigipteach óg mé,” ar sé, “daor le hAmailéiceach; d'fhág mo mhaistir ina dhiaidh mé mar gur buaileadh breoite mé trí lá ó shin.