Nuair a shroichfidh tú an áit sin, lorg Iéahú mac Iahóiseáfát mac Nimsí. Téigh isteach agus abair leis éirí agus imeacht óna chomrádaithe, agus tabhair isteach i seomra cúil é.
2 Ríthe 9:5 - An Bíobla Naofa 1981 agus nuair a shroich sé, fuair sé oifigigh shinsearacha an airm ina suí le chéile. “Tá teachtaireacht agam duit, a thaoisigh,” ar sé. “Do cé acu againn go léir?” arsa Iéahú. “Duitse, a thaoisigh,” d'fhreagair sé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a nuáir tháinic sé, feuch, do bhádar caiptinigh an tslóigh na suidhe; agus a dubhairt seision, Atá teachdaireachd agum chugad, a chaiptín. Agus a dubhairt Iehu, Cia aguinn dínn uile? agus a dubhairt seision, Atá chugadsa, a chaiptín. |
Nuair a shroichfidh tú an áit sin, lorg Iéahú mac Iahóiseáfát mac Nimsí. Téigh isteach agus abair leis éirí agus imeacht óna chomrádaithe, agus tabhair isteach i seomra cúil é.
D'éirigh sé agus chuaigh sé isteach sa teach. Dhoirt an t‑ógánach an ola ar a cheann á rá: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Déanaim thú a ungadh i do rí ar phobal an Tiarna, ar Iosrael.
Ach d'fhill sé féin ar ais ó Íola Ghilgeál, agus dúirt: “Tá teachtaireacht rúin agam duit, a rí.” “Ciúnas,” a d'fhógair an rí agus amach leis na giollaí go léir óna láthair.