“Nuair a gheobhaidh sibh an litir seo, ós rud é go bhfuil clann mhac bhur máistir in bhur dteannta, agus go bhfuil carbaid agus eachra, cathracha daingne agus airm agaibh,
2 Ríthe 5:6 - An Bíobla Naofa 1981 Thug sé an litir chun rí Iosrael. Dúradh inti: “Nuair a gheobhaidh tú an litir seo, bíodh a fhios agat gur chuir mé Námán, mo shearbhónta, ag triall ort, chun go leigheasfá ón lobhra é.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus thug lé an litir go rígh Israel, gha rádh, Anois a núair thiucfas an litirsi chugad, féuch, do chuir mé mo shearbhfhoghantuigh Náaman chugad, chor go leigheostá é óna lubhra. |
“Nuair a gheobhaidh sibh an litir seo, ós rud é go bhfuil clann mhac bhur máistir in bhur dteannta, agus go bhfuil carbaid agus eachra, cathracha daingne agus airm agaibh,
Dúirt rí Arám leis: “Imigh leat agus cuirfidh mise litir chuig rí Iosrael.” D'imigh sé agus thug sé leis deich dtallann airgid agus sé mhíle seicil óir agus deich n‑éide aonaigh.
Nuair a léigh rí Iosrael an litir, stróic sé a chuid éadaigh agus dúirt: “An dia mise, údar báis agus beatha, agus a rá gur iarr an fear seo orm duine a leigheas óna lobhra? Éist leis seo agus tabhair é faoi deara agus feicfidh tú gur ag iarraidh achrann a adhaint liom atá sé.”