I ruathar dá gcuid thug na hArámaigh cailín beag as Iosrael ina príosúnach leo agus bhí sí ag freastal ar bhean chéile Námán.
2 Ríthe 5:3 - An Bíobla Naofa 1981 Agus dúirt sí lena máistreás: “Uch nach leis an bhfáidh sa tSamáir atá mo mháistir, is cinnte go leigheasfadh sé óna lobhra é.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt sí re na maighistreás? Do bhfeárr liom go mbeith mo thighearna ag an bhfáigh atá a Samária! óir dó leighisiodh sé on lubhra é. |
I ruathar dá gcuid thug na hArámaigh cailín beag as Iosrael ina príosúnach leo agus bhí sí ag freastal ar bhean chéile Námán.
Ansin chuaigh Námán chun a thiarna, agus dúirt leis: “Dúirt an cailín ó thír Iosrael a leithéid seo agus a leithéid siúd.”
Ar a chloisteáil d'Eilíseá, giolla Dé, gur stróic rí Iosrael a chuid éadaigh, chuir sé scéala chun an rí: “Cad chuige ar stróic tú do chuid éadaigh? Lig dó teacht chugamsa, agus gheobhaidh sé amach go bhfuil fáidh in Iosrael.”
Ach dúirt Maois leis: “An amhlaidh atá formad ort ar mo shonsa? Uch nach fáithe iad pobal an Tiarna ar fad, agus nár chuir an Tiarna a spiorad orthu go léir!”
tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.
“Cibé beag mór,” arsa Pól, “go dtuga Dia duit féin agus don uile dhuine atá ag éisteacht liom inniu go mbeidh sibh mar atáimse - ach gan na slabhraí seo a bheith oraibh.”
Sea, tá sibh sásta anois; tá sibh saibhir; tá rí agus rath oraibh dár mbuíochasna! Is trua liom gan an rath a bheith oraibh dáiríre ionas go mbeimisne i réim i bpáirt libh.