Féach! tháinig giolla Dé ó Iúdá go Béitéil ar ordú an Tiarna, agus Iarobám díreach ina sheasamh ag an altóir chun an túis a ofráil.
2 Ríthe 4:9 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sí lena fear céile: “Féach, táim cinnte gur fear naofa le Dia an fear seo a bhíonn ag síorthaisteal an bealach seo againne. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt sisi re na fear, Féuch anois, measuim gur duine náomtha re Dia an tési, ghabhus ré ar ttáobh go miníc. |
Féach! tháinig giolla Dé ó Iúdá go Béitéil ar ordú an Tiarna, agus Iarobám díreach ina sheasamh ag an altóir chun an túis a ofráil.
Dúirt an bhean le hÉilias: “Cad é atá agat i m'éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?”
“Féach,” arsa Éilias, “tá do mhac beo.” D'fhreagair an bhean: “Tá a fhios agam anois gur giolla Dé thú agus gur fíor briathar an Tiarna i do bhéal.”
D'imigh sí léi ansin agus dúirt sí sin leis an ngiolla Dé agús d'fhreagair sé: “Imigh agus díol an ola agus díol d'fhiacha agus féadfaidh tú féin agus do chlann maireachtáil ar an bhfuílleach.”
Tháinig an giolla Dé chuige agus dúirt: “Ná lig d'arm Iosrael máirseáil le do chois, a rí, mar níl an Tiarna le hIosrael ná le haon duine ó Eafráim.
Sibhse mar an gcéanna, bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndeaghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar neamh.
Seo í an bheannacht lenar bheannaigh Maois, giolla Dé, clann Iosrael roimh bhás dó.
Tá a fhianaise oraibh féin agus ar Dhia go rabhamar ionraic macánta neamhurchóideach libhse, a bhfuil an creideamh agaibh.
Ach ós óglach Dé tusa, seachain na nithe sin. Bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcráifeacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá, ar an bhfoighne agus ar an láchas.
Mar an gcéanna libhse, a mhná, bígí umhal do bhur bhfir chéile, i dtreo má tá cuid acu gan géilleadh don bhriathar, go ndéanfaí iad a ghnóthú gan bhriathar trí iompar a gcuid ban,
Óir ní ó ghníomh tola daonna a tugadh aon fháistine riamh, ach gur labhair daoine ó Dhia agus iad faoi luí an Spioraid Naoimh.
go mbeadh cuimhne agaibh ar na ráitis a thug na fáithe beannaithe roimhe seo, agus ar aithne an Tiarna agus an tSlánaitheora a tugadh trí bhur n‑aspail.