Ansin chuir sé scéala go dtí (Iahóiseáfát) rí Iúdá: “Tá ceannairc déanta ag rí Mhóáb i m'aghaidh. An rachaidh tú liom chun cath a chur ar Mhóab?” “Déanfaidh mé,” d'fhreagair sé; “táimse chomh hullamh leatsa, mo chuid fear le do chuidse, m'eachra le d'eachra.”
Chuir siad chun bóthair dá bhrí sin, rí Iosrael, rí Iúdá, agus rí Eadóm. Ghabhadar timpeall mór ar feadh seacht lá go dtí nach raibh uisce fágtha do na saighdiúirí ná do na beithígh iompair a lean iad.