Nuair a chonaic rí Mhóáb go raibh an cath á bhriseadh air, bhailigh sé seacht gcéad de lucht iompair claímh féachaint an bhféadfadh sé a bhealach a dhéanamh amach agus dul go rí [Arám], ach theip air.
¶ Agus an tan do chonnairc rígh Mhóab an cath ro dhóirb do rug sé leis seacht ccéud fear do tharruing cloidheamh, do bhriseadh tre chách go rígh Edom: acht níor fhéadadar.
Scartáil siad na cathracha agus chaith gach fear cloch isteach i ngach gort fónta á líonadh, agus dhúnadar gach tobar fíoruisce agus leagadar gach crann folláin. Chreachadar Móáb go dtí nach raibh fágtha i gCír Harasat ach na clocha agus rinne an lucht diúraicthe é a thimpeallú agus a ghabháil.
Ansin thóg sé an mac ba shine aige, a rídhamhna, agus d'ofráil é mar íobairt ar bhalla na cathrach. Bhuail taom tréan feirge iad in aghaidh Iosrael agus chúlaigh siadsan uaidh, agus d'fhill siad ar a dtír féin.
Chuir siad chun bóthair dá bhrí sin, rí Iosrael, rí Iúdá, agus rí Eadóm. Ghabhadar timpeall mór ar feadh seacht lá go dtí nach raibh uisce fágtha do na saighdiúirí ná do na beithígh iompair a lean iad.
Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Mhóáb, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí go ndearna sé luaith de chnámha rí Eadóm,