Agus thug Forann Zafanat Panaech mar ainm ar Iósaef, agus thug sé Ásanat, iníon Phóitífeara sagart On, mar bhean dó. Ghabh Iósaef amach ar fud críocha uile na hÉigipte.
2 Ríthe 23:34 - An Bíobla Naofa 1981 Rinne Forann Neaco rí de Eiliácaím mac Ióisíá in áit Ióisíá a athair, agus d'athraigh sé a ainm go Iahóiácaím. Ach rug sé Iahóácház leis agus thug chun na hÉigipte é mar a bhfuair sé bás. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do rinne Phárao‐nechoh rígh do Eliacim mac Iosiah a náit Iosiah a athar, agus thug Iehoiacim dainm air, agus rug Iehoahas leis: agus thainic don Négipt, agus déug sé annsin. |
Agus thug Forann Zafanat Panaech mar ainm ar Iósaef, agus thug sé Ásanat, iníon Phóitífeara sagart On, mar bhean dó. Ghabh Iósaef amach ar fud críocha uile na hÉigipte.
Lena linn ghabh Forann Neaco, rí na hÉigipte, an bealach go dtí rí na hAsaíre ag abhainn an Eofrataes. Chuaigh Ióisíá rí ina choinne ach mharaigh Forann Neaco é sa chéad ionsaí ag Migideo.
Mar chomharba ar Iahóiácaín cheap rí na Bablóine Matainiá a uncail ina rí, agus d'athraigh sé a ainm go Zidicíá.
Clann mhac Ióisíá: Ióchánán an chéadghin, Iahóiácaím an dara mac, Zidicíá an tríú mac, Sealúm an ceathrú mac.
Tháinig sé mar an gcéanna i laethanta Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá, go deireadh an aonú bliain déag de Zidicíá mac Ióisíá, rí Iúdá, go breith Iarúsailéim ar shiúl i mbraighdéanas sa chúigiú mí.
An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna i laethanta Iahóiácaím mhic Ióisíá, rí Iúdá:
Ar aghaidh léi ansin go Ceitif os comhair an Arabá, agus síos go dtí an tArabá agus go Lia Bhohan mac Reúbaen.