Thosaigh a ríocht le Báibil agus Eiric agus Acad, agus iad seo uile i dtír Shionár.
2 Ríthe 20:12 - An Bíobla Naofa 1981 San am sin chuir Marodac Baladán mac Bhaladán rí na Bablóine teachtairí le litreacha agus bronntanas go Hiziciá mar gur chuala sé faoina thinneas [agus faoina leigheas]. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Fa namsin do chuir Berodachbaladan, mac Baladain, rígh na Babilóne litreacha agus brontanus chum Heseciah; óir do chúala se go raibh Heseciah tinn. |
Thosaigh a ríocht le Báibil agus Eiric agus Acad, agus iad seo uile i dtír Shionár.
Tugadh Báibil uirthi uime sin mar go ndearna an Tiarna cíor thuathail de theangacha an domhain go léir ansiúd; agus chuir an Tiarna fán orthu ón áit sin ar fud chlár na cruinne go léir.
Dúirt Dáiví leis féin: “Beidh mé chomh dílis céanna do Hánún mac Nácháis agus a bhí a athair domsa.” Chuir Dáiví a sheirbhísigh chuige le teachtaireacht chomhbhróin faoi bhás a athar. Ach nuair a ghabh seirbhísigh Dháiví isteach i dtír na nAmónach,
chuir sé a mhac Iórám go dtí Dáiví rí chun beannú dó agus comhghairdeas a dhéanamh leis mar gur throid sé le Hadad Eizir agus gur bhuaigh sé air; ba namhaid é Hadad Eizir do Thoí. Thug Iórám leis gréithe óir agus airgid agus cré-umha.
Ach ní dhearna Hiziciá aon chúiteamh ar son a ndearnadh dó; d'at a chroí le huabhar agus tháinig fraoch na feirge sa mhullach air féin, ar Iúdá, agus ar Iarúsailéim.
Fiú amháin i gcás na dteachtairí ó thaoisigh na Bablóine a tháinig chun ceist a chur faoin rud iontach a tharla sa tír, níor thréig Dia é ach lena phromhadh agus le rúin a chroí a fháil amach.
An Bhablóin, péarla na ríochtaí, seod agus práinn na gCaildéach, beidh sí ar nós Shodom agus Ghomorá nuair a threascair Dia iad.