“Is deacair d'iarratas a thabhairt duit,” arsa Éilias. “Má fheiceann tú mé agus mé do mo thabhairt ar shiúl uait, beidh sé agat mar a d'iarr tú; mura bhfeiceann, ní bheidh sé amhlaidh.”
2 Ríthe 20:10 - An Bíobla Naofa 1981 “Is furasta don scáth dul deich gcéim i bhfad,” arsa Hiziciá; “téadh sé ar gcúl, más ea, deich gcéim.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do fhreagair Heseciah, Is ní súarrach don sgáile dul síos deich ccéim: ní headh, achd filleadh an sgáile deich ccéim ar ais. |
“Is deacair d'iarratas a thabhairt duit,” arsa Éilias. “Má fheiceann tú mé agus mé do mo thabhairt ar shiúl uait, beidh sé agat mar a d'iarr tú; mura bhfeiceann, ní bheidh sé amhlaidh.”
Ghlaoigh an fáidh Íseáia ansin chun an Tiarna agus thug seisean an scáth deich gcéim ar gcúl [ar chéimeanna] Áchaz.
“Seo é an comhartha ón Tiarna,” arsa Íseáia, “go ndéanfaidh sé mar atá ráite aige; arbh fhearr leat an scáth a dhul deich gcéim i bhfad, nó a dhul deich gcéim ar gcúl?”
Ach ní mór an ní is fiú an méid sin i súile an Tiarna, mar cuirfidh sé Móáb féin faoi bhur smacht.
“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin, chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais. Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”
Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin. Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann ionamsa, na hoibreacha a dhéanaimse, déanfaidh seisean iad chomh maith, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad; mar táimse ag dul chun an Athar.
Ansin labhair Iósua leis an Tiarna an lá céanna ceannann a thug an Tiarna na hAmóraigh ar láimh do chlann Iosrael; chan Iósua i láthair chlann Iosrael: “A ghrian, fan socair os cionn Ghibeón, Agus, a ghealach, os cionn Ghleann Aiálón.”
Agus d'fhan an ghrian socair agus an ghealach ina stad, Nó go raibh díoltas déanta ag an bpobal ar a naimhde. Nach bhfuil seo scríofa i Leabhar na bhFíréan? D'fhan an ghrian ina stad i lár na spéire agus chuir moill ar a dul faoi ar feadh lae iomláin, geall leis.