2 Ríthe 17:40 - An Bíobla Naofa 1981 Ach níor thugadar cluas dó, ach a seanghnásanna a leanúint. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Acht cheana níor eísteadarsan, achd do rinneadar do reir an chéad ghnátha. |
Leanann siad na seanghnásanna fós inniu. Níor thug siad urraim don Tiarna, ná níor lean siad a reachtanna ná a ghnásanna, ná an dlí ná na haitheanta a leag an Tiarna ar shliocht Iacóib dár thug sé an t‑ainm Iosrael.
ach bíodh urraim agaibh don Tiarna bhur nDia, an té a shaorfaidh sibh ó lámha bhur naimhde go léir.”
Thug na náisiúin úd ómós don Tiarna dá bhrí sin. Ach rinneadar seirbhís dá n‑íola greanta chomh maith; is é an scéal céanna ag a sliocht agus ag sliocht a sleachta fós inniu - tá siad ag déanamh mar a rinne a sinsir rompu.
lean siad nósanna na gciníocha a bhí curtha as a seilbh ag an Tiarna roimh chlann Iosrael (agus na nósanna ar chuir ríthe Iosrael tús leo).
An bhféadann an tAetópach a chraiceann a mhalairt nó an liopard a bhreacadh? Agus tusa, an bhféadann tú maith a dhéanamh, tusa a ghnáthaíonn déanamh an oilc?
Déanfaidh sibh fónamh ansiúd do dhéithe adhmaid agus cloiche, saothar lámh daonna, nach bhfuil ar a gcumas aon ní a fheiceáil, a chlos, a ithe, ná a bholadh a fháil.