2 Ríthe 16:17 - An Bíobla Naofa 1981 Ghearr Áchaz rí creatlaigh na seastán chun siúil, bhain na trasnáin agus na miasa anuas díobh; thóg an mhuir chré-umha anuas de na daimh a bhí á hiompar agus leag í ar bhonn cloiche. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus do gheárr an rígh Ahas imiol na mbásadh, agus do átharruigh an láibher dhíobh amach; agus do leag an nfairge do na damhuibh práis do bhí fúithe, agus do chuir ar phábháil chloch í. |
Le hurraim do rí na hAsaíre, thóg sé chun siúil ó Theampall an Tiarna seomra an fháiltithe a bhí tógtha ansiúd, agus an iontráil ríoga lasmuigh.
Rinne Áchaz cuid de ghréithe Theampall Dé a bhailiú le chéile, agus a thuilleadh díobh a bhriseadh. Dhún sé doirse Theampall an Tiarna agus chuir sé suas altóirí dó féin ag cúinne gach sráide in Iarúsailéim.
Na gréithe go léir a chaith Áchaz i leataobh le linn a réimis mhídhílis, chuireamar ar ais iad agus rinneamar iad a choisreacan. Tá siad anois, féach!, os comhair altóir an Tiarna.”
Maidir leis an dá cholún, [an t‑aon mhuir] an dá tharbh déag cré-umha faoin muir, agus na seastáin, a rinne Solamh rí do Theampall an Tiarna, níorbh fhéidir a raibh de chré-umha iontu go léir a thomhas.