Ar an gcúigiú lá déag den ochtú mí, an mhí a thogh sé d'aon ghnó, chuaigh sé suas chun na haltóra a bhí déanta aige i mBéitéil. Bhunaigh sé féile do chlann Iosrael agus chuaigh suas chun na haltóra chun túis a íobairt.
2 Ríthe 16:12 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a d'fhill an rí ón Damaisc, d'iniúch sé í, dhruid léi agus ghabh in airde uirthi. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a núair tháinic an rígh ó Dhamascus, do chonnairc an rígh an altóir: agus tháinic an rígh gus a naltóir, agus do ofráil sé uirre. |
Ar an gcúigiú lá déag den ochtú mí, an mhí a thogh sé d'aon ghnó, chuaigh sé suas chun na haltóra a bhí déanta aige i mBéitéil. Bhunaigh sé féile do chlann Iosrael agus chuaigh suas chun na haltóra chun túis a íobairt.
Féach! tháinig giolla Dé ó Iúdá go Béitéil ar ordú an Tiarna, agus Iarobám díreach ina sheasamh ag an altóir chun an túis a ofráil.
Agus thóg Úiriá sagart an altóir, agus rinne sé í go beacht de réir na dtreoracha go léir a chuir Áchaz rí ón Damaisc sular tháinig Áchaz rí ar ais ón Damaisc.
Dhóigh sí a íobairt dhóite agus a abhlann; dhoirt sé a ofráil dí, agus chroith fuil a ofráil chomaoineach ar an altóir.
d'ofráil sé íobairtí do dhéithe na Damaisce a chloígh é agus dúirt: “De bhrí gur thug déithe ríthe Arám cabhair dóibhsean, déanfaidh mé íobairt chucu le súil go gcabhróidh siad liomsa.” Ach thug siad an mí-ádh sa mhullach air féin agus ar Iosrael.
Rinne sé ardionaid le túis a ofráil do dhéithe eile i ngach cathair in Iúdá, agus ar an tslí sin rinne sé an Tiarna, Dia a shinsear, a ghriogadh chun feirge.