Agus bhíodar suite i gcampa ar aghaidh a chéile ar feadh seacht lá. Ar an seachtú lá fearadh an cath agus rinne clann Iosrael ár ar na hArámaigh, céad míle troitheach san aon lá amháin.
2 Ríthe 13:25 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin ghabh Ióáis mac Iahóácház ar ais ó Bhein Hadad mac Hazáéil na cathracha a ghabh seisean óna athair Iahóácház le neart airm. Bhris Ióáis air faoi thrí agus fuair ar ais cathracha Iosrael. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhean Ioas mac Iehoahas a rís as láimh Bhen‐hadad mhic Hasael na caithreacha, do bhean seision as láimh Iehoahas a athair le cogadh. Do bhuail Ioas é trí huáire, agus do bhean sé caithreacha Israel de. |
Agus bhíodar suite i gcampa ar aghaidh a chéile ar feadh seacht lá. Ar an seachtú lá fearadh an cath agus rinne clann Iosrael ár ar na hArámaigh, céad míle troitheach san aon lá amháin.
Um an dtaca sin chrom an Tiarna ar Iosrael a shnoí; fuair Hazáéil an lámh in uachtar orthu ar fud críocha Iosrael go léir
lastoir den Iordáin; críocha Ghileád go léir, na Gádaigh, na Reúbaenaigh, na Manaisigh, óAroéir atá láimh le Gleann Arnón, Gileád agus Báiseán.
Las fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus thug sé suas gan sos iad do chumhacht Hazáéil rí Arám agus Bhein Hadad mac Hazáéil.
(Thug an Tiarna fuasclóir dóibh [a d'fhuascail iad] ó lámha na nArámach, agus chónaigh clann Iosrael ina mbothanna mar a rinneadar roimhe sin.
Eisean a ghnóthaigh ar ais críocha Iosrael ó Bhealach Hamát go Muir an Arabá, de réir bhriathar an Tiarna Dia Iosrael a labhair sé ó bhéal Ióna mac Amaití a shearbhónta, an fáidh ó Ghat Héifir.