Dúirt Ióáis leis na sagairt: “An t‑airgead go léir as na dleachta naofa a thugtar go Teampall an Tiarna, an t‑airgead as na cánacha pearsanta (an t‑airgead ó na daoine de réir mar áiríonn sé iad), agus an t‑airgead a thugtar le deabhóid chroí isteach i dTeampall an Tiarna -
Chruinnigh sé na sagairt agus na Léivítigh agus dúirt sé leo: “Téigí amach go cathracha Iúdá agus bailigí go leor airgid ó Iosrael go léir ionas go bhféadfaí Teampall bhur nDé a dheisiú ó bhliain go bliain, agus déanaigí é seo go tapa.” Ach rinne na Léivítigh moill.
Ní raibh go leor sagart ann ámh, agus níorbh fhéidir dóibh na híobairtí uileloiscthe go léir a fheannadh; chabhraigh na Léivítigh leo dá bhrí sin nó gur críochnaíodh an obáir agus gur naomhaíodh sagairt eile; bhí na Léivítigh níba ionraice croí á naomhú féin ná na sagairt.
“Faraor géar nach bhfuil duine ar bith in bhur measc a dhúnfadh doirse an Teampaill ionas nach lasfadh sibh tine gan toradh ar m'altóir. Níl mé sásta libh ar aon chor, a deir Tiarna na Slua; agus ní mó ná sin a ghlacfaidh mé le haon íobairt ó bhur lámhasa.
Déanaigí tréad Dé atá faoi bhur gcúram a aoireacht; ná tugaigí aire dó le foréigean ach le fonn, mar is toil le Dia, ná le dúil tháir san airgead ach le dúthracht,