Ní raibh aon aithne fós ag Samúéil ar an Tiarna, ná níor foilsíodh briathar an Tiarna dó fós.
1 Samúéil 3:8 - An Bíobla Naofa 1981 Ghlaoigh an Tiarna ar Shamúéil den tríú huair. D'éirigh seisean agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.” Thuig Éilí ansin gurbh é an Tiarna a bhí ag glaoch ar an ngasúr. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do ghoir an TIGHEARNA Samuél a rís an treas uáir. Agus do éirigh seision agus do chuaídh go Héli, agus a dubhairt, Atáim annso; óir do ghoir tú orm. Agus do thuig Eli gur bhé an TIGHEARNA do ghoir an leanamh. |
Ní raibh aon aithne fós ag Samúéil ar an Tiarna, ná níor foilsíodh briathar an Tiarna dó fós.
Dúirt sé le Samúéil: “Imigh agus luigh síos, agus má ghlaonn aon duine ort abair: ‘Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.’ ” D'imigh Samúéil mar sin agus luigh sé síos ina áit féin.