Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




1 Samúéil 3:7 - An Bíobla Naofa 1981

Ní raibh aon aithne fós ag Samúéil ar an Tiarna, ná níor foilsíodh briathar an Tiarna dó fós.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Anois ní raibh fios an TIGHEARNA fós ag Samuel, agus ni mó do foillsighiodh briathar an TIGHEARNA dhó fós.

Féach an chaibidil



1 Samúéil 3:7
5 Tagairtí Cros  

Ach an té a dhéanfadh glóir, déanfadh sé glóir as seo: go dtuigeann agus go n‑aithníonn sé mise. Óir is mé an Tiarna, rialaím ar talamh, le cineáltas, le ceart agus le fíréantacht; sea, is iontu seo atá mo dhúil - an Tiarna a labhraíonn.”


agus nuair a d'fhiafraigh sé díobh an bhfuair siad an Spiorad Naomh nuair a chreid siad, is é freagra a thug siad air: “Níor chualamar fiú amháin an Spiorad Naomh a bheith ann.”


Fad a bhí mé i mo leanbh, bhí caint agus meon agus réasún an linbh agam, ach ar m'éirí suas i m'fhear dom, d'fhág mé bealaí an linbh i mo dhiaidh.


Ghlaoigh an Tiarna arís. “A Shamúéil!” D'éirigh Samúéil agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé mar ghlaoigh tú orm.” Agus d'fhreagair seisean: “Níor ghlaoigh mé ort, a mhic; luigh síos arís.”


Ghlaoigh an Tiarna ar Shamúéil den tríú huair. D'éirigh seisean agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.” Thuig Éilí ansin gurbh é an Tiarna a bhí ag glaoch ar an ngasúr.