1 Samúéil 26:12 - An Bíobla Naofa 1981 Thóg Dáiví an tsleá agus an crúsca uisce a bhí taobh le ceann Shóil agus d'imigh leis. Ní bhfuair aon duine radharc súl ná clos cluas ar ar tharla, ná níor dhúisigh aon duine; bhíodar go léir ina gcodladh mar thit codladh trom ón Tiarna orthu. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Mar sin do thóg Dáibhi an gath agus an crúisgín uisge ó cheannadhairt Shauil; agus do imthigheadar rompa, agus ní raibh éanduine ann do chonnairc sin, nó agá raibh á fhios, nó do mhúscail: óir do bhádar uile na gcodhladh; do chionn gur thuit súan trom ón TTIGHEARNA órra. |
Chuir an Tiarna Dia suan trom ar an duine, agus, ina shuan dó, bhain sé easna as agus chuir feoil ina timpeall.
Óir tá an Tiarna tar éis toirchim suain a dhoirteadh sa mhullach oraibh; thug sé dúnadh ar bhur súile, na fáithe, agus chuir sé dallóg ar bhur gceann, an lucht físe.
Agus tháinig sé fad leis na cróite caorach a bhí cois na slí, áit a raibh pluais. Chuaigh Sól isteach sa phluais chun a ghnó a dhéanamh. Bhí Dáiví agus a lucht leanúna ina suí i bhfad siar istigh sa phluais.
Ghabh Dáiví anonn go dtí an taobh eile agus stad sé ar bharr an chnoic i bhfad ó bhaile; bhí spás mór eatarthu.
D'imigh Dáiví agus Aibísí leo sa dorchadas dá bhrí sin chun an airm agus fuaireadar Sól ansiúd ina chodladh sa champa, a shleá sáite sa talamh ag a cheann agus Aibneár agus an t‑arm ina luí timpeall air.