Dúirt Íosác lena mhac: “Nach gasta a fuair tú í, a mhic!” D'fhreagair sé: “Ba é an Tiarna do Dhia a chas i mo threo í.”
1 Samúéil 21:2 - An Bíobla Naofa 1981 D'fhreagair Dáiví Aichímeilic sagart: “Thug an rí ordú dom agus dúirt liom: ‘Ná bíodh aon eolas ag aon duine faoin ngnó ar a bhfuilim do do chur, ná faoin ordú atáim a thabhairt duit.’ Maidir le mo shaighdiúirí, tá coinne déanta agam leo ina leithéid seo d'áit. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Dáibhi re Hachimelech an sagart, Do aithin an rígh gnothuigh dhíom, agus a dubhairt sé riom, Ná bíodh fios éainnithe don nadhbhar fá bhfuilim dot chur, agus aithnighim dhíot na biódh a fhios ag éanduine: agus do chuir mé mo shearbhfhoghantuighe don náitse, agus don náit úd óile. |
Dúirt Íosác lena mhac: “Nach gasta a fuair tú í, a mhic!” D'fhreagair sé: “Ba é an Tiarna do Dhia a chas i mo threo í.”
D'fhreagair an fear eile: “Is fáidh mise ar aon dul leat, agus dúirt aingeal liom ar ordú an Tiarna: ‘Tabhair leat ar ais chun do thí é ionas go gcaithfeadh sé bia agus deoch.’ ” Ach ba bhréag a d'inis sé dó.
Cuir glas ar mo bhéal, achainím ort, a Thiarna; bí ag faire mar an gcéanna ar dhoras mo bhruas.
An lá seo féin déanfaidh sé sos i Nob. Bagróidh sé a lámh ar shliabh iníon Shíón, ar chnocán Iarúsailéim.
Chaitheadh sé bia leis na gintlithe nó gur tháinig daoine áirithe do bhuíon Shéamais ar an láthair, ach an túisce a tháinig siadsan thosaigh sé ag cúbadh chuige agus ag fanacht amach ó na gintlithe le heagla mhuintir an timpeallghearrtha.
Agus ná hinsígí bréaga dá chéile mar go bhfuil bhur sean-nádúr bainte díbh agaibh mar aon lena chuid gníomhartha
Ansin dúirt Sól le Míceal: “Cén fáth ar mheall tú mar seo mé agus ligean do mo namhaid imeacht agus éalú leis?” D'fhreagair Míceal Sól á rá: “Dúirt sé liom: ‘Lig dom imeacht, cén fáth thú a mharú?’ ”
Idir an dá linn, céard atá ar láimh anseo agaibh? Tabhair dom cúig bhuilín nó cibé rud atá ar fáil.”
“Bhí a fhios agam an lá sin,” arsa Dáiví le hAibíátár, “nuair a bhí Doéig an tEadómach ann, go sceithfeadh seisean orm go cinnte le Sól. Mise is cionsiocair le bás gach duine de do mhuintirse go léir.
Ansin labhair Doéig an tEadómach; bhí sé ina sheasamh ansiúd taobh le hoifigigh Shóil; “Chonaic mé mac Ieise,” ar sé, “ag teacht go Nob, go hAichímeilic mac Aichiteob.