Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




1 Samúéil 19:3 - An Bíobla Naofa 1981

Agus gabhfaidh mise amach agus fanfaidh mé i gcomhluadar m'athar sa ghort mar a mbeidh tusa agus labhróidh mé le m'athair fút. Má fhaighim fios an scéil inseoidh mé duit é.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus rachaidh misi amach agus seasfuidh mé ré taóibh mathar annsa machaire mar a mbía tusa, agus laibheoruidh mé rem athair dot thaobhsa; agus gidh bé ní chífeas mé, inneosa mé dhuitse é.

Féach an chaibidil



1 Samúéil 19:3
4 Tagairtí Cros  

Is cara cara i gcónaí, ach is d'uain na hainnise a shaolaítear deartháir.


agus thug Iónátán rabhadh do Dháiví á rá: “Tá m'athair Sól ag iarraidh thú a mharú. Bí ar d'fhaichill, mar sin, maidin amárach; gabh i bhfolach in áit uaigneach éigin.


ansin go ndéana an Tiarna a leithéid seo le Iónátán - agus a thuilleadh fós. Má bheartaíonn m'athair urchóid a dhéanamh duit, cuirfidh mé é sin in iúl duit agus seolfaidh mé chun siúil thú agus éalóidh tú gan díobháil, agus go raibh an Tiarna leat mar a bhíodh le m'athair.


D'fhreagair Iónátán: “Cuir uait, ná bí den tuairim sin. Dá mbeinnse cinnte de go raibh m'athair meáite ar olc a thabhairt sa mhullach ort, nach n‑inseoinn sin duit?”