Agus chuala Iosrael go léir an scéala gur scrios Sól garastún na bhFilistíneach, agus go raibh Iosrael anois in earraid leis na Filistínigh. Tháinig an pobal go léir le chéile go Sól ag Gilgeál.
Agus do chúala Israel uile dhá rádh gur bhúail Saul daingneach do na Philistínibh, agus mar an gceadna mar do bhadar na Hisraeliteach nan athuamhaireachd aig na Philistineach. Agus do goireadh an pobal a gcionn a chéile a ndíaigh Shauil go Gilgal.
Ansin dúirt Iacób le Simeon agus Léiví: “Tá dochar déanta agaibh dom, mar go bhfuilim de bhur mbarr i m'ábhar fuatha ag áitritheoirí na tíre, na Canánaigh agus na Pirizigh. Táimse ar bheagán slua; má chruinníonn siad le chéile i m'aghaidh agus tabhairt fúm, scriosfar mé, mise agus mo theaghlach.”
‘Aoirí tréad sinne, do shearbhóntaí, onár n‑óige go dtí anois féin, sinne agus ár n‑aithreacha.’ Ar an gcuma seo ceadófar daoibh fanacht i dtír Ghoisin,” mar tá an ghráin dearg ag na hÉigiptigh ar gach aoire.
Nuair a chonaic na hAmónaigh go raibh an ghráin tagtha ar Dháiví leo, chuireadar teachtairí le hAramaeigh Bhéit Rachob agus Aramaeigh Zóbá, fiche míle troitheach, a fhostú; agus rí Mhácá le míle fear, agus muintir Thób, dhá mhíle dhéag fear.
agus dúradar leo: “Go bhféacha an Tiarna anuas oraibh agus go dtuga sé breith oraibh mar chuir sibh olc ar Fhorann agus ar a shearbhóntaí chugainn, agus tá claíomh curtha ina láimh agaibh chun sinn a mharú.”
Gabh romham síos go Gilgeál; rachaidh mise ansiúd níos déanaí le híobairtí loiscthe agus comaoineach a ofráil. Fan seacht lá go dtiocfaidh mé chugat, agus a thaispeáint duit céard atá le déanamh agat.”
Bhí muinín ag Áicís as Dáiví; “Tá fuath agus gráin a mhuintire féin, Iosrael, tuillte aige dó féin,” a mheas sé, “agus beidh sé ina shearbhónta agam go brách.”