Agus a núair thangadar ann sin chum an chnoic, féach, tárla cuideachda do ná fáighibh ris; agus thaínic spiorad Dé airsion, agus do rinne sé fáigheadóireachd mar aon riú.
Ag teacht i gcongar Leichí dó, rith na Filistínigh chuige agus na gártha maíte á gcur suas acu; ach tháinig spiorad an Tiarna go tréan airsean, agus rinne mar a bheadh snáithe dóite lín de na téada a bhí ar a ghéaga, agus leáigh na cuibhreacha dá lámha.
Tháinig spiorad an Tiarna air, agus rinne breitheamh de in Iosrael. Chuaigh sé chun cogaidh agus thug an Tiarna Cúisean Riseátaím, rí Eadóm, ar láimh dó, agus bhí an lámh in uachtar aige ar Chúisean Riseátaím.
Ansin thóg Samúéil an adharc ola agus rinne é a ungadh ansiúd mar a raibh aige fara a dheartháireacha. Tháinig spiorad an Tiarna agus luigh sé ar Dháiví agus d'fhan leis ón lá sin amach. Maidir le Samúéil, d'éirigh sé agus d'imigh go Rámá.
Ardóidh mé suas sagart dílis dom féin; déanfaidh sé de réir mo chroí agus m'intinne. Tógfaidh mé teach daingean dó agus siúlfaidh sé i láthair m'ungthaigh go brách.