Ag deireadh an fiche bliain a thóg sé ar Sholamh an dá fhoirgneamh a thógáil, Teampall an Tiarna agus a phalás féin,
1 Ríthe 9:11 - An Bíobla Naofa 1981 (thug Híorám rí na Tuíre oiread adhmaid chéadair agus chufróige agus óir agus ab áil leis, do Sholamh) thug Solamh fiche cathair i dtír na Gailíle do Híorám. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) (Anois do rad Híram rígh Tior do Sholaimh croinn chédair agus croinn ghiumhais, agus ór, do réir a mheanman uile), go ttug Solamh annsin do Híram fithche cathair a gcrích na Galile. |
Ag deireadh an fiche bliain a thóg sé ar Sholamh an dá fhoirgneamh a thógáil, Teampall an Tiarna agus a phalás féin,
Ach nuair a tháinig Híorám ón Tuír chun na cathracha a thug Solamh dó a iniúchadh, ní raibh sé sásta leo.
Rinne Solamh áireamh ar na daoine deoranta go léir a raibh cónaí orthu i dtír Iosrael de réir an daonáirimh a rinne Dáiví a athair orthu. Ba é an líon a fuarthas ná céad agus caoga trí mhíle sé chéad.
Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca na Tuíre, in éiric a ceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán mar bhránna go hEadóm agus nár chuimhin leo conradh na mbráithre,
Roghnaíodar Ceidis sa Ghailíl in ardáin Naftáilí, agus Seicim in ardáin Eafráim, agus Ciriat Arba (Heabrón is é sin) in ardáin Iúdá.