“Tá a fhios agat nach raibh ar chumas Dháiví m'athair teach a thógáil d'ainm an Tiarna a Dhia, mar go raibh cogadh á chur ag a naimhde air ó gach taobh nó gur bhrúigh an Tiarna faoina chois iad.
1 Ríthe 7:9 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí na foirgnimh seo go léir de chlocha luachmhara a snaíodh de réir tomhais agus a gearradh le sábha ar a n‑aghaidh agus ar a gcúl, agus sin ó bhonn go bunlach (agus lasmuigh chomh fada leis an gcúirt mhór). An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Do bhádar so uile do chlochuibh mórluáigh, do reír mhiosúir chloch snoighte, ar na ngearradh le toiriosguibh, a stigh agus amuigh, eadhon ó íachdar go húachdar, agus mar sin ar an gcuid amuigh leath ris an gcúirt mhóir. |
“Tá a fhios agat nach raibh ar chumas Dháiví m'athair teach a thógáil d'ainm an Tiarna a Dhia, mar go raibh cogadh á chur ag a naimhde air ó gach taobh nó gur bhrúigh an Tiarna faoina chois iad.
Ba den déantús céanna a theach, a áras cónaithe féin sa chúirt eile isteach ón Halla. Rinne Solamh chomh maith teach ar aon dul leis an Halla seo d'iníon Fhorainn a bhí aige mar bhean.