Rinne sé ballaí an teampaill go léir sa seomra istigh agus amuigh a bhreacadh le híomhánna greanta de cheiribíní, de chrainn phailme, agus de chnotaí;
1 Ríthe 7:36 - An Bíobla Naofa 1981 Ar bharr an tseastáin bhí taca, déanamh cruinn air, agus é leathbhanlámh ar airde; ar bharr an tseastáin bhí a theanntaí agus a thrasnáin d'aon phíosa leis. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír ar chaóin na gclár sin, agus ar a nimlibh, do ghrabháil sé cherubínigh, agus leomhuin, agus crainn phailme, do réir mhéide gach aoin aca, agus a bhfoirlíonta fa gcnáirt. |
Rinne sé ballaí an teampaill go léir sa seomra istigh agus amuigh a bhreacadh le híomhánna greanta de cheiribíní, de chrainn phailme, agus de chnotaí;
agus dhá chomhla d'adhmad olóige. Rinne sé íomhánna de cheiribíní, de chrainn phailme agus de chnotaí, agus rinne sé iad a chumhdach le hór agus leath sé ór ar na ceiribíní agus ar na crainn phailme.
Rinne sé ceiribíní, crainn phailme, agus cnotaí a ghreanadh orthu agus chuir sé cumhdach óir orthu, ag leathadh an óir go cothrom ar an saothar greanta.
Bhí ceithre theannta ag ceithre chúinne gach seastáin, agus ba d'aon phíosa na teanntaí agus na seastáin.
Ar dhromchla a theanntaí agus a thrasnáin, rinne sé ceiribíní agus leoin agus crainn phailme a ghreanadh, de réir mar a bhí slí do gach ceann, agus fleasca ina dtimpeall.
Bhí ceithre aghaidh ar gach ceann acu: aghaidh [daimh] ab ea an chéad aghaidh, aghaidh duine an dara ceann, aghaidh leoin an tríú ceann agus aghaidh iolair an ceathrú ceann.
Bhí a phóirse ar aghaidh na cúirte seachtraí, bhí crainn phailme ar a ursaineacha agus ocht gcéim ag dul suas chuige.
Bhí a phóirse ar aghaidh na cúirte seachtraí, bhí crainn phailme ar a ursaineacha, ceann ar gach taobh, agus ocht gcéim ag dul suas chuige.