Rinne sé dhá cholún chré-umha a theilgean; bhí colún díobh ocht mbanlámh déag ar airde, agus dorú dhá bhanlámh déag ar fad a thug a thomhas timpeall; ba é an scéal céanna é ag an dara colún.
1 Ríthe 7:16 - An Bíobla Naofa 1981 Rinne sé dhá mhullach de chré-umha teilgthe do bharr na gcolún; bhí mullach díobh cúig bhanlámh ar airde, agus an ceann eile cúig bhanlámh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do rinne sé dhá cheann do phrás leaghtha, ré a ccur ar mhullach na bpiléur: áirde chinn diobh cúig cubhaid, agus áirde an chinn oile cúig cubhaid. |
Rinne sé dhá cholún chré-umha a theilgean; bhí colún díobh ocht mbanlámh déag ar airde, agus dorú dhá bhanlámh déag ar fad a thug a thomhas timpeall; ba é an scéal céanna é ag an dara colún.
Agus [rinne sé dhá] fhíolagrán mar chumhdach ar mhúnláil an dá mhullach ar na colúin, fíolagrán do mhullach agus fíolagrán eile don mhullach eile.
Rinne sé cúig pollaí agus naisc ag gabháil leo chun é seo a chrochadh; chumhdaigh sé a mullaí agus a dtrasnáin d'ór; ba de chré-umha a gcúig ceapa.
Ba de chré-umha ceapa na bpollaí ach ba d'airgead a naisc agus mbataí, mar aon le cumhdach a mullaí. Ba d'airgead bataí uile pollaí na faiche.
Bhí ceithre pholla fúithi; ba de chré-umha a gceapa, d'airgead a naisc agus cumhdach a mullaí agus a mbataí d'airgead.
Leis an míle seacht gcéad seachtó agus cúig seicil, rinne sé na naisc do na pollaí, an cumhdach dá mullaí agus dá mbataí.
Bhí mullach cré-umha air; cúig bhanlámh airde an mhullaigh; timpeall an mhullaigh bhí fíolagrán agus pomagránaití, agus iad go léir de chré-umha. Ba é an scéal céanna é ag an dara colún lena phomagránaití.