Bhí Iahóiseáfát cúig bliana déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé cúig bliana fichead i réim in Iarúsailéim. Azúbá iníon Silchí ab ainm dá mhathair.
Do bhí Iehosaphat cúig bhlíadhna air thríochad dáois a núair do thosuigh sé a ríghe; agus do bhí na rígh cúig bhlíadhna fithchiod ann Ierusalem. Agus do bé ainm a mhathar Asuba inghean Shilli.
Rinneadh rí ar Iúdá de Rachabám mac Sholaimh. Bhí Rachabám bliain agus daichead nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé i gcoróin seacht mbliana déag in Iarúsailéim, an chathair ar threibheanna Iosrael a thogh an Tiarna lena ainm a chur inti. Námá an tAmónach ab ainm dá mháthair.
Agus fuair sé bás de réir bhriathar an Tiarna a labhair Éilias. De bhrí nach raibh aon mhac aige, tháinig Iahórám, [a dheartháir,] i gcoróin ina dhiaidh, sa dara bliain de réimeas Iahórám mac Iahóiseáfát rí Iúdá.
Sin mar a bhí ag Iahóiseáfát i gcoróin Iúdá. Bhí sé cúig bliana déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé cúig bliana fichead i réim in Iarúsailéim. Azúbá iníon Shilchí ab ainm dá mháthair.